Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0129
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar cuairt oidhche amháin, agus bhí sé ag imirt cártaí. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile, bhí sé an-deireannach ar fad. Ní raibh aoinne leis. Chonnaic sé socraid ag teacht. Ní raibh ach fear amháin faoin gconra sin.
Leag sé an conra ar an mbóthar roimh an mbuachaill, agus thug sé an buachaill leis. Ní rabhadar ag cainnt cor ar bith. Chuir sé an fear isteach san gconra. Bhí eagla an domhain air. Tháinigeadar chomh fada le cnoc. Annsin do thógadar an fear as an gconra. Chuaidh sé abhaile annsin, agus bhí eagla an domhain air. Ní dheachaigh sé ag imirt cártaí as sin amach.- Bailitheoir
- Mairghéad Ní hUrnai
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe