Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Cora Finne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0130
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear ann fadó. Dubhairt fear aca leis an bhfear eile gur fuide a théigheann an fhírinne bhréag ná an fhírinne. Dubhairt an fear eile nach fuide. Chuir siad geall le chéile, agus is é an geall a chuireadar ná a dhá shúil.
    An chéad fhear a casadh leo, d'iarradar air, "Cé is fuide a théigheann an bhréag ná an fhírinne." Dubhairt an fear sin gur fuide a théigheann an bhréag. "Iompuigh anall annsin adeir fear na bréige go mbainfaidh mé an dá shúil as do cheann". Caith isteach san reilig mé adeir sé nuair a bhí an dá shúil as a cheann. I lár na h-oidhche do chruinnigh na cait agus thosuigheadar ag cainnt. Dubhairt ceann aca go raibh inghean an duine uasail tinn le fada ach ní raibh dochtúir ann chun í leigheas. Dá fuigheadh sé braon de'n uisge sin thall bheadh sí leigheasta ar an bpoinnte. Nuair d'imthigh na cait, thosuigh an fear ag cartúghadh nó go bhfuair sé an tobar. Nigh sé a shúile ann agus fuair sé leigheas arís. Thug sé buidéal uisge leis agus chuaidh sé leis go dtí inghean an duine uasail. Dubhairt sé go leigheasfidh sé í. "Má leigheasann adeir an duine uasal, gheobhfaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghéad Ní hUrnai
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hUrnai
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cora Finne, Co. na Gaillimhe