Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0120
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí cruit air. Lá amháin chuaidh sé go Cnoc Máigh. Chuala sé na sidheóga ag amhránaíocht. Seo é an t-amhrán a bhí aca.
Dia Luain is Dia Máirt,
Dia Luain is Dia Máirt.
Thosuigh an fear ag amhránaíocht freisin agus dubhairt sé Dia Céadaoin. D'iarradar air a theacht isteach, agus tháinig sé. Baineadh an cruit de. Bhí fear i n a chomhnuidhe leis an bhfear seo agus bhí cruit air freisin. Chuaidh sé go Cnoc Mágha, agus bhí na sidheóga ag déanamh an rud céadhna. Thosuigh sé ag amhránaíocht freisin, agus d'iarradar air cé bhí ann. Tháinig sé isteach agus chuireadar cruit eile air. Annsin bhí dhá ceann air. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí brón air.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe