Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0117
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí long ag dul go dtí Americá uair amháin. Ní raibh sí imthighthe i bhfad ó'n gcuan, nuair a tháinig iasc mór millteach i-na diaidh. Bhí faitchíos an domhain ar na daoinibh a bhí istigh, agus do chaitheadar amach bó bán dhó. D'ith sé é agus níor bfhada go raibh sé i-na ndiaidh arís. Chaitheadar amach stól dó annsin agus do shlug sé síos í. Tháinig sé i-na ndiaidh arís, agus do chuireadar amach buicéad chuige. Slug sé síos é. Bhíodar cráidhte leis agus sa deireadh do chaitheadar amach buachaill dhó. Slug sé síos é mar an gcéadhna. D'fhan sé i-na ndiaidh go dtí gur tháinigeadar i dtír i n-Americá. Chuaidh an t-iasg isteach sa talamh, agus fuair sé bás. D'fhoscluigheadar é agus bhí ionghadh agus aoibhneas orthu, nuair a chonnaiceadar an buachaill ina suidhe ar an stól, agus é ag bleaghadh na mbó isteach ins an mbuicéad.
- Bailitheoir
- Mairghéad Ní Cearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe