Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Scéal - Comhartha So-Fheicseanach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh iomradh mhóir ar an Sagart Mhac Phaidín a bhí na cómhnuidhe ar na Gleanntaí. Tá sé marbh agus ar Dheis Dhé go raibh a anam. Bhíodh sé ag dhul thart ar "Stations" agus deirtear go mbíodh sé i gcómhnuidhe ag chuir Teagasg Chríostaidhe ar na sean daoinibh.
    Bhí sé i dteach aon lá amháin thoisigh sé ag míniú dobhtha fa'n Sácramaint ro-naomhtha agus fa Cómhartha so-fheicsionach. Mhínigh sé iad cupla uair i ndiaidh a chéile. Shíl sé gur ceart go mbéadh eolas go leor aca anois ar a méid a dubhairt sé. Thionntuigh sé thart agus d'iarr sé ar fear sampla a thabhairt do anois fa Cómhartha - so-fheicsionach. Ars'n an fhear ma bhíonn tú sa bhaile-mhór lá aonaigh tcífidh tú fir ag teacht amach as tigh olacháin agus iad ag glanadh a bhéil le céirseach-poca sin Cómhartha so-fheicsionach. Bhí an sagart bréagh sásta leis an sámpla sin, agus dubhairt sé go raibh sé ag smaoitiu go raibh fhios ag an fhear níos mo fa ghnóitheach ólacháin no bhí fhios aige fa'n Teagasg Críostaidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhaoghaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cloghan, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Dhochartaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Coimín, Co. Donegal