School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Badaoin an Bhuilg RiabhaighBhí rí ann uair amháin, agus sé an t- ainm a bhí air "Badaoin an Bhuilg Riabhaigh." Bhí triur chlann mhac aige. Bhí go leor ba agus caoirigh aige agus an lá seo chuaidh sé amach ag faire ortha agus bhí sé ag siubhal ar na h-ailltreachaibh agus chonnaich sé long ag tarraingt air agus bhí fear amháin ar an luing. Thosaigh an bheirt acú ag cainnt ach céard a rinne fear na luinge ach dorn amháin a thabhairt do agus bhain sé an choróin dá cheann agus amach leis sa bhfairrge arís. Tháinig an rí abhaile agus bhí fearg mhór air. Diarr an clann mhac céard a bhí air D'innis sé dhóibh gur bhain fear an choróin dá ceann agus go ndeachaidh sé amach sa bhfairrge. Dubhairt an chlann mhac go leanfaidís é Dubhairt Badaoin go mbeadh sé fhéin leo. D'imthigh an clann mhac agus Badaoin agus lean siad an chaoi a chuaidh an fear a bhí ar an luing. Bhí siad ag imtheacht go dtáinig siad(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Nuadhain
- Gender
- Female
- Address
- An tInbhear, Co. Mayo
- Informant
- Antona Ó Dochartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo