School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 98

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 98

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 98
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an croidhe a fuair tú mo chuid bainne a salughadh. Bheir sí air a rabh de bhaine san teach agus chaith sí amach ar an doras é an seanduine ann a chuideachta. “Gabh amach anois”, arsa sise, agus ól dó shaith amuigh (o) do saith amuigh do, nó ní ólfaidh tú níos mó bainne istoigh annseo.
    Siubhail an seanduine annsin go dtáinig sé chuig Séan agus a bean go bfeiceadh sé caidé mar deireochadh leis annsin. Bhí fear maith na chomhnuidhe ar an bhaile agus tug sé comairle de bhean Shéan maith no olc dá déanfadh an seanduine moladh leis. “Níl fios ag duine ar bith caidé an saidhbreas atá aige”, arsa an fear agus níl sé (ag) ach ag iarraidh fághail amach caidé an cineal nadúra a tá agaibh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Lá thar na bharach cuaidh Séan agus a bhean un aonaigh. Chuir an seanduine an bainne ar an fheasóig mar rinne sé ariamh. Nuair a tháinig an bhean na bhaile fuair sí an seanduine na shuidhe a chois na teineadh agus gan a dath air ach bainne. Rath sí agus fuair sí eadach agus ghlan sí an seanduine sul a dtigheadh Sean isteach. “Tcím”, arsa an seanduine “déanfaidh tusa gnoithe” agus thug sé iomlán an airgid dithe agus chuir sé dóigh maith air Séan o sin amach. Bhí Micheal agus Paidín iontach buadhartha gur chuir a gcuid ban ar shiubhail é agus bhéadh bean Sheáin go h-olc leis an chuid eile ach mar bé an chomhairle mhaith a fuair sí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Aodha
    Gender
    Female