Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 78
- XML “Scéal”
- XML “An Chéad Tae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'éirigh feocán beag gaoithe. Nuair a bhí siad amuigh i lár na farraige móire d'éirigh an ghaoth mór agus d'éirigh an doinneann. Bhí an sagart ag leigheamh agus ag urnaighthe, ach ní rabh maith ar bith ann. le sin thug an t-sean bhean amach an bratach bhríghde agus thug dé'n t-sagart Dubhairt an sagart léithí gur bí fhéin a b'fearr. le sin tháinig tonna mór amháin agus shaoil siad go raibh an t-amharch deireannach ar tír, ach chraith sí an bratach agus rinneadh dá leath dé'n tonna agus chuaidh sé ar dhá thaobh an bháid. Fuair siad go talamh sabhailte. Nuair a bhí an ag imeacht diarr sé giota beag dé'n bhratach agus fuair sé é.
- Nuair a tháinig an cheud tae amach ní rabh fhios acú an dóigh le na dheanamh. Shaoil siad gurbh iad na duilleogaí a cheart a ithe. Bhí bean san am sin agus tháinig an sagart isteach chuicí agus diarr braon tae. Tusuigh sí agus rinne sí an tae ach chaith sí amach subh na nduilleóg. Chuir sí na duilleogaí ar phlata agus [?] suas le giota ime é. Annsin chuir sí roimhe an t-sagairt é agus shaoil sí go rabh gniomh mór deánta aicí. "An seo an dóigh a ndean tú tae" arsa'n sagart "Seadh" arsa sise. O! arsa seisean "Ní sin an dóigh ar chór ar bith".
- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall