School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 78

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 78

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 78
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Chéad Tae”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'éirigh feocán beag gaoithe. Nuair a bhí siad amuigh i lár na farraige móire d'éirigh an ghaoth mór agus d'éirigh an doinneann. Bhí an sagart ag leigheamh agus ag urnaighthe, ach ní rabh maith ar bith ann. le sin thug an t-sean bhean amach an bratach bhríghde agus thug dé'n t-sagart Dubhairt an sagart léithí gur bí fhéin a b'fearr. le sin tháinig tonna mór amháin agus shaoil siad go raibh an t-amharch deireannach ar tír, ach chraith sí an bratach agus rinneadh dá leath dé'n tonna agus chuaidh sé ar dhá thaobh an bháid. Fuair siad go talamh sabhailte. Nuair a bhí an ag imeacht diarr sé giota beag dé'n bhratach agus fuair sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a tháinig an cheud tae amach ní rabh fhios acú an dóigh le na dheanamh. Shaoil siad gurbh iad na duilleogaí a cheart a ithe. Bhí bean san am sin agus tháinig an sagart isteach chuicí agus diarr braon tae. Tusuigh sí agus rinne sí an tae ach chaith sí amach subh na nduilleóg. Chuir sí na duilleogaí ar phlata agus [?] suas le giota ime é. Annsin chuir sí roimhe an t-sagairt é agus shaoil sí go rabh gniomh mór deánta aicí. "An seo an dóigh a ndean tú tae" arsa'n sagart "Seadh" arsa sise. O! arsa seisean "Ní sin an dóigh ar chór ar bith".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ruiseail
    Gender
    Female
    Informant
    Caitlín Bean Mhic Aodha
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal