Scoil: An Mhainistir (uimhir rolla 13130)
- Suíomh:
- Bun an Churraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhainistir
- XML Leathanach 05_020
- XML “Scéal faoi Naomh Pádraig”
- XML “Scéalta faoin Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)2 In diaidh sin tháinig sgata eanacha bána chuige. D'fhan siad leis ar feadh tamaill agus annsin d'imthigh siad uaidh. Nuair a cailleadh Naomh Pádraig ní raibh a fhios ce'n áit a cuirfidh é. Oidhche amhain tháinig brionglóid chuig sagart oidhche amhain. Sé an brionglóid a bhí aige bullán a cuir faoi'n g cairt agus Naomh Pádraig a chur ar an g cárt. Nuair a bheadh sin déanta cead a chinn a thabhairt do'n mbullán imtheacht agus ins an áit a stadfad sé cuirfadh Naomh Pádraig ins an áit sin.
- (1) Bhí na tighthe suidhte ar na sleibhte í m bochógaí fadó. Gleannta beaga do b'eadh na bocóigí seo agus bhí siad suidhte ar taobhacha na sleibhte. Tá ceann de na bochoigí seo ar Cnoc Aireach agus ta sean fothracha an bhothain ann fós. Ní raibh na tighthe ar fad bailighthe le cheile mar ta siad anois, ní raibh acht teach annseo agus annsúd ar fud na sleibhte.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac Fionnachtaigh
- Inscne
- Fireann