Scoil: Crannach, Inis
- Suíomh:
- An Chrannaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Mícheál Ó Maolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí na Micheál Mac Muirgheasa. trí oidhche in dhiaidh a cheile do bhí taidhbhreamh aige go bhfuigheadh sé ór í lios a bhí inaice na h-áite seo. An oidhche seo chuaidh triúr fear agus Micheál go dtí an lios agus thighadar uisge naomhtha leo. Do chuireadar an buidéal in aice na h-áite na raibh an t-ór le fágháil. Do bhí alan eagle ortha acht amhain ar Micheál, roimh daoine maithe. Do thosnuigheadar ag glanadh na cré a bhí ar bharr an óir ar a dó dheig a chlog. Do cheap Micheál gurbh fhear ana chliste é féin. Nuair a bhí na daoine thíos ins an bpoll do cheapadar nach raibh aon ór le fághail ann. Sa deire do bhuail ceann des na sluaiste ós cionn píosa iarainn agus do bhí fhiuos ag Micheál go raibh an t-ór ann annsan. Nuair a bhí sé af dul isteach ins an bpoll dfhágh sé an píce amuigh ar an bpairc. Nuair a bhí fhíos aige go raibh an t-ór ann, tháinig sé anuas as an bpoll agus fubhairt se leis na fearaibh eile nach raibh aon ór ann. Chuaidh Micheál agus na fír eile abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán De Bhrún
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Míceál Mac Flanncaid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chrannaigh, Co. an Chláir