Scoil: Durrow

Suíomh:
Darú, Co. Uíbh Fhailí
Múinteoir:
P. Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Durrow
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Scéal an Fhir Shaibhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis go Dún na nGall.
    Chonnaic sé fear an t-sonais. Gréasuidhe a b'eadh é. Chaith sé dhá lá ag siubhal suas síos (?) ar aghaidh a shiopa ag éisteacht leis an gréasuidhe ag amhrán agus ag feadghail. Isteach leis sa tríomhadh lá.
    "Fear sonais grinn tusa" arsa an Sasanach.
    "Seadh" ar seisean. "Fear sonais mé gan aon agó."
    Agus ars an Sasanach - "Cé'n fáth go mbíonn sonas agus meidhir ort agus nach eol duit gruamdhacht nó cantalacht?"
    "Bheul," ars an gréasuidhe "Is féidir réidhteach an sgéil sin do sgéitheadh."
    Fear iseadh mise ná tugann riamh
    Faillighe im ghnóthaibh. Bím inbun gnótha gach maidean agus bainim ana shásamh agus ana shonas bheith in a feighil. Dá mba dhiamhaoin mé de dheasgaibh tinnis nó tionóisg ba chontalach crosta an duine mé feadh an lae úd.
    Rud eile ní dheinim aon coidreamh nó comhluadar le h-aoinne taobh amuigh dem shiopa feín."
    "Bhfuil agat?" ar seisean. Taím annso dachad a cúig de bliadhntaibh agus an gcreidfeá é ní fhacas riamh bun na sráide seo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Néill
    Inscne
    Fireann