Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 099
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt tinncéirí i baile mór uair amháin, ...”
Bhí beirt tinncéirí i baile mór uair amháin, agus bhí siad ana-bocht ar fad. Tháinig lá an margadh, agus bhí a lán daoine san baile mór. Tháinig an beirt buachaill go dtí siopa deas a bhí ann. Bhí siad ag féachaint ar na rudaí deasa a bhí are an bhfuinneóig.Bhí fear an t-siopa ag díol rudaí de's na daoine a tháinigh isteach. Bhí a lán daoine ag dul isteach ann ag ceannacht rudaí. Fuair duine de's na tincéirí pingin ó bean éigin a bhí sa siopa. Ní raibh fhios ag an tarnaí buachaill é sin, agus bhí sé ag féachaint ar rud éigin, nuair a chuaigh an céad buachall isteach sa siopa. Do cheannaigh sé buillín beag aráin mar bhí ocras mór air. Chuaidh sé amach annsan, agus do thosuigh sé ag ithe an t-arán.Do chonnaic an tárla buachaill é, agus do thosuigh sé ag troid leis, chun an builín d'fhághail uaidh, mar bhí ocras air freisin. Níorbh fheidir leis é a fhágháil mar bhí an cead bhuachaill ró láidir.Do chuaich an céad buachaill isteach san siopa arís, agus dúbhairt sé leis an siopadóir,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir