Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 079
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Uair amháin fadó bhí bean darab ainm Peig Ní Néill...”
Uair amhain fadó bhí bean darab ainm Peig Ní Néill ar cuaird le’n a gaoltaibh i gCo Cill Coinnig. Do casadh cailín óg uirthi darab ainm Eilís Ní Riain, agus bhí an beirt aca ana-mór lena céile. Bíodh siad ag imtheacht le chéile gach tráthnóna ag siúbhail agus ag rinncibh a bhíodh ag na crois bóithre go minic. Bhí glean darab ainm Gleann an Uata a bhí an-uaigneach ar fad giota beag uaidh. Tráthnóna amháin bhí Peig agus Eilís ag siúbháil fé déin na gleanna agus bhíodar ag cainnt go dithcheallagh acht go h-obann cad a chonnaic Peig nuair a d’fheach sí thar a gualann ach fear mór an-árd. Bhí éadaigh dubh air agus a agaibh cómh bán le cailc. Bhí dhá súil uathbhásach air, agus teine ag preabadh asta, i’s bhí fiacla fada buidhe i n-a bhéal. Bhí h-ata bog dubh ar a ceann, aguis gruaig ag tuitim ó imeall an h-ata go dtí a guailnibh.Leigh Peig scread aisti, nuair a chonnaic sí é. Nuair a tháisbeán sí do Éilis é, do thuit sí síos le neart scannradh agus í ag radh—“A Muire Dé, cabhruigh liom, agus slánuigh mé ó baoghal.” Do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Gáirdéar
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Gáirnéar
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir