Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 078
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“San am fadó bhí fear agus a bhean in a suidhe cois na teineadh oidhche Shamhna.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ba mhaith liom anois lán an friochtáin de murógaibh in ionad an píosa bágúin sin leis sin thuit muróg anuas as an simléar ar an bhfríochtáin. Tháinig fearg mór ar an bhfear. Sin guidhe maith imighthe. Níl ionnat acht óinseach agus ba mhaith liom na muróga d’feiceál greamuighthe do sróin.Ar an bpoint sin léim na muróga ar an bhfríochtán agus greim do sróin na mhná bhocht. Léim sí suas agus do thosnuig sí ag rith tríd an chistin agus í ag beiceadh leis an phian. Tháinig truagh ar an bfhear dí agus rith sé ar a dhicheall chun na muróga a bhaint dí acht ní raibh aon maitheas ann. Níor dhein sé aon rud acht a mearocha a dúghad. Ba mhaith liom dá mbéadh na muróga ar fad imighthe as mo radharc I bpreabhadh na súile d’imthig na muróga agus ní raibh fhios aca chá chuaidh siad. Cualadar an fear beag ag gádridhe act nuair a d’feacadar suas san simléar bhí sé imighthe.- Bailitheoir
- Máire Ní Caolaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beaghy, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Caolaidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Beaghy, Co. an Chláir