Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 077
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“San am fadó bhí fear agus a bhean in a suidhe cois na teineadh oidhche Shamhna.”
San am fadó, bhí fear agus a bhean ina suidhe cois na teineadh oidche Shámhna. Bhíodair ana bhocht, ní raibh aca i gcóir a súipéir acht píosa beag bagúin a bhí san bhfríochtán ar an teinidh. Bhíodar ag ceasaig i dtaobh an mí-ádh bhí orra iad bheirt cóimh bhocht niorbh fhada gur chualadar ceol an binn ag seinim ar píopaí thuas san simléar. D’fheácadar suas agus chonnacadaor fear beag ina shuidhe ar bhata an cruaca. Bhí caipín dearg air, cóta uaithne agus brístí buidhe, stocaí bana agus bróga deasa agus buclaí móra airgid ortha. Do stad an fear beag den ceol annsin agus ar sa sé. Chuala mé sibh a rádh go raibh sibh ana bocht gan saidhbhreas. Anois bheidh trí guidhe agaibh, ní acht pé rud is maith libh d’fhágail. Níl le deanamh agaibh acht a rádh gur maith libh é agus gheóbhaidh sibh ar an bpointe é.Tháinig iongnadh an domhain ar an bfhear bocht agus ar a mnaoí. Ní raibh fhios aca cad é an rud do bfearr leo. O arsan an fear go tobann, is truagh liom nach bhfuil suipéar maith agaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Caolaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beaghy, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Caolaidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Beaghy, Co. an Chláir