Scoil: Aill Bhéil an Tulaigh
- Suíomh:
- Aill na Tulach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Ní Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dealg i cois nó i láimh duine: - Is féidir é do tharraingt amach ach teanga an mhadraruaidh d'fhághail agus é do chur taobh amuigh de'n dealg agus é d'fhágaint ann ar feadh na h-oidhche.
Faithne allsa:- Má lígheann duine go bhfuil an galar sin air - má lígheann sé ailp-luachra trí h-uaire indiaidh a céile imtheochaidh an galar.
Faithní:- Iad do nigh ins an umar a bhíonn ag an ngabhann ins an gceardchain. nó dul go dtí crosaire ag a mbíonn ceithre bhóthar ag teacht le céile, leithpinginn a bheith agat agus é d'fhágaint i do dhiaidh ag an gcrosaire. Imtheochadh na faithní dá ndéanfaí san. Leigheas eile(??) na faithní do comhaireamh agus an uimhir céadna de clocha agus a bhíonn agat de faithní a chur isteach i mbosca lasán nó (??) i mála páipéir agus iad d'fhágaint ar an mbóthar. Tógfaidh an duine a legfadh a lámh ar an mbeart iad.