Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 193
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is beag fiadhain atá againn in Éirinn ná már atá san Aifraic nó ina Americá. Siad na h-ainmidhthe atá againn in Éirinn ná an girrfiadh, coinín, fiadh, broch, easóg, cranncait, fireádh, agus cat fiadhain. Níl mórán fiadh le feiscint in Éirinn anois. Tá mór cuid díobh le feicsint taob amuigh de Thiobraid Árann. Bíonn siadh le feicsint ar na sléibhte.Deireann daoine i dTiobraid Arann go mbíonn an girrfiad in shuidhe. Bíonn siad ag rith timcheall na pairceanna. Itheann siad féir. Bíonn an madra ruadh in a comhnuidhe i bpoll. Da mba rud é gur cuaidh tú in aice an poill in a mbíonn an madra-ruadh geobhfá boladh brean as an bpoll. Comnuidheann an broch i bpoll agus tá rud fé leith aige i gcóir leabaidh. Da mba rud é gur cuaidh madra isteach go dtí an mbroch, ní thiocfaid sé amach slán. Bíonn sé ag troid leis an madra(leanann ar an chéad leathanach eile)