Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 175
- XML “Logainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tiobraid AraTobar Ara(nn) - N. Ara do bhí sa cheanntar so fadó. Bhí Tobar beannuighthe aige ann atá anois i gcul-tighe Muintir Uí Mileidhe (?) sa Phríomh-Sráid. Ó Tobar Arann d'fhás Tiobraid Arann.
Bóthar na MainistreachBóthar é seo a ritheann fá'n sruthán, Ara, díreach ar aghaidh na Sean-Mainistreach amach. Tógad an mhainistir so sa Tríomhaidh Aois deug - ag bráithre Naomh Aubhistín do bhí sé.
Tobar an RíoghPáirc í seo timcheall ceathramhadh míle amach ó'n mbaile. Deirtear gur ghlac Brian Bórú sos ann iar bhfilleadh ó Cath Sulcóidhe 967 dhó. Deirtear fós gur nigh sé an fhuil agus an salachas d'á lámhaibh ann.
SulcóidÁit atá timcheall dá mhíle amach ó'n mbaile. Dréir seanchus na h-áite do bhí mór chuid(leanann ar an chéad leathanach eile)