Scoil: Scoil na mBráthar
- Suíomh:
- Tiobraid Árann, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: An Br. C.B. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar
- XML Leathanach 155
- XML “Tobar Bhaile Ruiséil”
- XML “Tobar na Maighdine Muire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Tobar Baile Ruiséil" í Móin Árd timcheall ceithre míle ó Thiobraid Árann. Níltear eolach ar an Naomh a luaidhtear leis a dtobar.Tá scéul ag baint leis an dtobar so. Maidean áirithe do chuaidh bean saighdiúra cun an tobair le'n a leanbh do nighe ann. Comh maith do dhein. An lá 'na diaidh sin, d'áistirgh an tobar ó taobh amháin de'n cladhthach go dtí an taobh eile. Tá currach ins an áit 'na raibh an Tobar ar dtúis.
- Tá sé seo timcheall trí míle ó Tobar Baile Ruiséil. Tugann mór cuid daoine cuaird ar an gcuigeomhadh lá déag de Mhí Lughnasa. Tugann siad timcheall na páirce ortha féin ciethre uaire déag, agus an Choróinn Mhuire á rádh aca. Ólann siad braon de'n uisce. Leigheas ar Dhallacht atá san uisce.