Scoil: Broadford, Ráthluirc
- Suíomh:
- Béal an Átha, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Ss. Ó Guagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)DromchollchoilleTá an baile beag Dromchollchoille, sé sin "The Ridge at the back of the Hazel Wood" suidthe ar an dtaobh thoir de Bheal an Átha. Tá timcheall ceithre céad daoine 'na gcomhnaidhe sa tSráid ann. Dhein an áit stair mar gheall ar an dtóiteán a bhí ins Cinema ann ins an mbliadhain 1926. Nuair do cailleadh naonbhur is dachad ann.Dálta Beal an Átha, níl in Dromcollchoille acht ainm áite. Is iad so na bailtí fearainn atá thar timcheall air:-An Ceathrughadh Árd; Cnoc an Créig, (ainm sloinne Créadh): Baile an Lonnaig (Na luin duibh) Cúl an Bhuidhe: An Mhóin Deighilte: Gort an Gharrdha: Tullach Mhic Tomáisín: Na Cealla agus Na Guirtíní. Baineann na Guirtíní le paróiste Átha an Mhuilinn anois.Bhain an áit seo (Dromcollcoiller) le Corcam a h-Íde ' fad ó, agus bhí sean-theampall suidhte cúpla míle ar an dtaobh thoir de is a dtugtar Cluain Creabhair 'na n-éistidís muinntir na h-aíte sin Aifreann ann. Tá fothrach de shean-theampall sa Roilig le h-ais Dromchollchoille a tógadh i dtosach na ceathrughadh aoise déag dá réir Uí Bheaglaoich - an Sagart parróiste oirmhidheanac atá i mBrúgh na nDéise anois!