Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “An tAthair Diarmuid Ó Luasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a mheath na prátaí sa bhliain 1879 do ceapadh an t-amhrán so. Bhí déirc nú réilíf dá tabhairt amach do dhaoinibh bochta agus bhí an sagart so ar an gcoiste, agus é go maith.
    Bhí an tAthair Diarmuid na shagart óg i gCaisleán na Gaoithe (ar a dtugan Béarlóirí nú laidneoirí Castleventry) agus bhí na shagart próiste i gCloch na gCoillthe ina dhiaidh sin.
    Seán Ó Donobháin - oide Scoile Bhaile-Chaisleáin do scríobh síos ó bhéal aithris a mháthar.
    1.
    Tá mo shúil-se anois fós le Rí geal na Glóíre
    Go ndéanfaidh me romhar agus grafa.
    Sé deir an lucht eolais dá ndeininn a gcomhairle
    Gur insa phoorhouse - do thógfainn mo leabaidh
    Le congnamh na gcomhursan a's curate na próiste
    D'fhanas an comhgar a' bhaile
    A's dá drigheadh an bheatha gan feócha, agus go mbreacfadh an foghmhar chughainn
    Do bheadh scilling am póca le caitheamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí