Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 131
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhéanamh. Ansan do tháinig lucht cabhrach chuige.An chéad duine a bhainfid an fód den uaigh lá na sochraidhe, creidtear go bhfaghaidh sé bás go gairid na dhiaidh sin.(14) Creidtear fós go dtagan trí sochraidí chun na roilige i n-Inis Arcáin go luath i ndiaidh a chéíle - laistig de mhí - dá mba ná beadh aon tsochraid ann le fada roimis sin.
An tSúil Mhillteach(Tugtar "Ciorrú" agus "saighead" agus "ruchar milltheach," leis air. M Ó'C)(15) Tá daoine ann agus cuirid siad mí-rath ar ainmhighthe, mar ghamhain: cuir i gcás le féachaint ortha. Is ceart do gach éinne Beannacht ó Dia d'iarraidh ar an ainmhighe. Mara gcuireann, déarfar na thaobh go bhfuil "súil mhillteach" aige.( Is ceart san do dhéanamh ar thig leis.
"Dia 'á bheannacha" a deirtear. Mara n-abartar san meathlóíg an duine nú an t-ainmhí, agus ní beidh rath ar an dtig. An duine ná an t-ainmhighe a mheathlóíg d'éaghmuis na guidhe sin tugtar "milltheán" air. Ní ceart é rádh le cat ná le madmra ámhthaig.
M Ó'C )- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na Séad, Co. Chorcaí