Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 048
- XML “A Shalmsaig Shocraidh”
- XML “Donchadh Ó Súileabháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(c & d). Dá mbeadh an Tuireamh le léighe i Laidin agus i mBéarla, bheadh éácht déanta.3. (b) agum: béim ghuth ar an gcéád tsiolla, amhláímh ní fheadar anois ciacu "um láimh," nú "óm' láimh" a dubhrathas. Deirtear ná raibh aon scríobhnoireacht ag M.C. (d) párdún agut. Féach (b) thuas
Afuins = offence. Béim ghuth ar a' gcéad tsiolla.Mac Uí Áirthnéidig ón gCoill Móir láimh le Drom Dhá Liag thug é seo dhom. Chuireas síos díreach mar adubhairt sé é. Beannacht Dé len a anam. Tá sé ar shlighe na fírinne le fada.M Ó'C - Ba shine ná Míchéal Chormaic Donchadh Ó Súileabháin ón Leathanacht. Lastoir de Dhrom Dhá Liag atá an Leathanacht. Bhí paiste beag talmhan aige, ach do théidheadh sé síos amach na chábóg. Ní raibh aon scoláireacht air, ach tá iarsma an léighinn go soileír na chuid dán.
Ní fláir nú bhí sórd dámhscoile ann len a linn mar deir sé i gceann dá dhántaibh.
"Táim tanachach tréith gan gné na hóige
Gus ní ghlacfaidís éigse an léighinn na gcóir me
Cuireas roint bheag dá chuid san lóchrann.(leanann ar an chéad leathanach eile)