Scoil: Na Cloichíní, Carraig Ruacháin (uimhir rolla 12676)
- Suíomh:
- Na Cloichíní, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Coisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do ghoid fear cóta ó shagart agus ba ghearr 'na dhiadh sin gur chuaidh sé cun faoisthine go dtí an sagart cheadna. Dubhairt sé leis an sagart go raibh cóta aige nár theastuig uaidh agus go dtabharfadh sé do'n sagart é. Ní thógfadh and sagart é, ní nach iongnadh.
Annsan do dhein sé a fhaoistin agus nuair a d'innsint sé i dtaobh an cóta, d'órduigh an sagart an cóta do thabhairt tar-nais do dtí an t-é gur leis é. Ach, arsan fear, ní ghlachfadh sé uaim é. O, más mar sin atá an sgeal arsan sagart is féidir leat é choiméad agus do coimeád an fear an cóta.- Bailitheoir
- Maighreád Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig Ruacháin, Co. Chorcaí