Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 384
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtiochfadh na fáithrní ar féin agus go n-imtheóchadís as an nduine a chuir na clocha ann.
Dá ndóighfí leanbh sa tseana shaoghal isé an cuma a leighistí é ná so. Do bhíodh seana mhná ann a dheineadh plástair de gallúanaigh agus d'uachtar agus do chuiridís sa phaiste dóighte é.
Dá mbeadh aicíd péiste ort is go scríobhfá t-ainm tímcheall air deirtear go leighisfí é.
Da mbheadh craobhfhabhar id' tsúil deirtear dá ndeinfeá cómhartha na croise air led' sheile cealacan nú le fáinne óir deirtear go leighisfí é.
Sé an cuma a leighirdís an dóigh imleachán a bhíodh ar na capaill ná lionn te a thabhairt dóibh nú an céad rith de'n poitín.
Is minic do bíodh piast eirbaill a bhíodh acu dho ná an céad duine a chídhfeadh ag luighe is ag éirighe é ná é bhualadh trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí