Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 366

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 366

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 366
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Go mbeannuightear duit a chros
    An cros ar ar céasadh Críost
    Ar mo dhul isteach fe'n dtig
    Go bhfuil an galar ann
    A Chríost go bhfágad ann
    Is ná beireadh as
    -
    Luíghim sa leabaidh seo mar a luighinn san uaidh
    Deinim faoistin leat a Shlánuightheóir
    Asbolóid iarraim ar an t-Athair Siorraidhe
    Cuirim ar dheineas is a ndearna riamh
    Fé rí na faoistine seo
    Glaodhaim Dia mar athair
    Muire mar mháthair
    Flaitheas Dé mar dhúthchaigh
    Réir Dé go ndeineadh
    Beatha na naomh go dtuilleadh
    Cómhluadar na nAingeal go bhfaighead
    Ceól na bhFlaitheas go gcloisead
    -
    Coiglim an teine seo mar a choiglean Críost cách
    Muire i dá cheann de'n tíghe agus Bríghid 'na lár
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí