Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Scéal i dtaobh Micil na Pinse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an dtuaigh agus do bhain an ceann don t-seanduine. Do rug Micil ar an gceann agus do chuir sé ar an t-seanduine arís é, agus mar so a cheanghail sé é. Bhí an oidhche ag déanamh seaca agus bé an sioc a cheanghail é. Bé an céadh focal a labhair an t-seanduine "is dóigh liom a Mhicil go stopamíd". Chuadahar isteach go dtí an suipéir, sén rud a bhí istig rómhpa na corcán leitean. Do thosnuígheadhar ar é dh'ithe. ní raibh púinn i náon chor de ithte acu, nuair a thuit an ceann don t-seanduine isteach sa chorcán "a thiarna arsan seana-bhean cad d'imthigh air" "tá sé alright". arsa Micil cuireadh-sa air arís é. Rug sé síos go dtí an doras an seanduine agus do bhuail an ceann ar arís. Nuair a bhí san deánta aige, do rith sé fé dhéin an baile arís. Nuair a bhí sé imthighthe tamall mór do casadh air tig feirimeóra. Chuaidh sé isteach ansan i seómra mór agus ní raibh sé abhfadh i n-áon chor istig nuair a airig sé fotharamh mór. Bhí seana bhean ag teacht i dtreó an doruis, do léim sé isteach a mbaraile mór i bhfolach uirthe. Tháinig sí isteach agus do chaith sí dá ghalún bainne anuas air. Do léím sé amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Duinnín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí