Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bheithfeá ag coigilt na teineadh istoidhche da dtugtheá cuid de na sméaróidí lasmuigh de'n choigilt, thiocfadh na daoine maithe á dtéigheadh féin.
    Ba cheart bucaod uisge glan de thabhairt isteach i dtreó go mbeadh uisge ag na púcaí nuair a thiocfaidís.
    Cuardaigh an t-aimleach is taighde ag bun glaise is gheóbhaidh tú an próca a bhí ag Dómhnall a raithe.
    Do bhí fear in Aidreagóil agus do bhí taidhreamh aige go raibh próca óir i n-aice droithid i luimnigh. Do chuaidh sé go dtí an droitheadh agus thug sé an lá go léir ag lorg an óir. Do bhí táilúir na chómhnuighe i n-aice an droithidh agus do chonnaic sé an fear ag siubhal tímcheall i rith an lae agus um tráthnóna. D'fhiafruig sé dé cad a bhí á lorg aige. "Do deineadh taidhreamh dom gach oidhche go raibh próca óir in aice an droithidh seo" arsa'n fear. " Uriú, a amadáin tái'm'se ag taidhreamh gach oidhche riamh go bhfuil próca óir in Aidreagóil in aice cul tíghe fé bhun sgairt sgeithe gile" arsa'n táiliúr. Tháinig an fear abhaile agus níor leig sé piuc air leis an táiliúr. Chuardaigh sé ag bun na sgairte agus do fuair sé an próca óir agus do mhair sé go sona sásta an chuid eile dá saoghal.
    Dá mbeadh sídhe gaoithe ag teacht agus go ropfaí é le píce ní bhéarfadh sé aon féur uait.
    Ní ceart tigh nuadh do dhéanamh ar casán na bpúcaí.
    Ní ceart ceart bróga do chur ináirde ar an mbórd nú bheadh achrann sa tigh.
    Aon obair a thosnóchaí Dia Sathairn ní críochnóchaí go deó é agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Muirneach Beag, Co. Chorcaí