Scoil: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga

Suíomh:
Baile an Bhuitléaraigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Muimhneacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0318, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
  2. XML Leathanach 106
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Sagart balbh, sagart dealbh.

    "Sagart balbh, sagart dealbh"

    Trí chos anáirde
    Dhá chois ar thalamh
    Ceann an duine beo.
    I mbeul an duine mhairbh
    (corcán ar cheann duine)

    * * *

    Bean fhada ghlégeal
    Is crios dá taobh féin uirthi
    (punann)

    * * *

    Duibhín ó duibh thar fairrge anoir
    Ag innsint a sgéil gan féith, gan fuil
    (litir)

    * * *

    Cómh árd le falla
    Cómh dearg le fuil
    Cómh bán le bainne
    Cómh milis le mil
    (ubhall, dearg, aibidh)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge