Scoil: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
- Suíomh:
- Baile an Bhuitléaraigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Muimhneacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an áit mar a bhfuil an roilig anois i Lios Laoidhe bhí teampall Caitilicídhe ann fadó. Ní cosamhail leis an dteampall atá i Lios Leamháin ná aon teampall eile anois a bhí sé ach tigh bocht agus fallaí chré ann agus gan puinn troscán ann. Do mhair sé ar feadh mórán bliadhna agus nuair a tháinig Cromail do leag sé é agus togadh Eaglais Protastunach ann no h-ionad. Acht má leag sé é bhí gollán ann agus níor fhéadfad sé ná a saighdiuirí é do scriosadh. Ar dtúis dheineadar iarracht é do bhriseadh ach níor éirigh leo. Annsan deineadar poll mór agus do chaitheadar isteach ann é. Ar maidin bhí sé ins an seana spota in aice an teampaill. Nuair nár éirigh aon rud ar an dtalam leo do thogadar an gollán amach ar an bhfairrge agus do caitheadar amac ar an saíle é in aice le Cinn tSáile agus moladh le Dia bhí sé thar n-ais aris ar maidin agus tá sé ann go dtí an lá indiu agus tá sé chómh deas agus a bhí sé riamh
- Faisnéiseoir
- Risteárd Pléamonn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Saileach, Co. Chorcaí