Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5.
Is buachaillín fíor óg me, is go bhfóire 'rm Rí na nGrás,
Do thug searc do chailín óg 'dtig an óil í na corra geárr.
Ní raibh hata uirthe ná húda ná buachlaí buídhe déunta de phráis,
Ach tape ar gcluais a bróige - 'sí mo stóirín go bhfuighid mé bás.
6.
Ó goidé díbhse a dhaoine dá n-íosfainnse barr an fhéir
A's dá raghainn an talamh síos gruig an Rí-bhean dob' áile scéim
Dá sheólfadh puch de'n ghaoith mé insa tír úd go bhfuil grádh mo chléibh
Mo shláinte gheóbhainn airís ach m'intin a bheith sásta léi.
7.
Beir litir uaimse scríte síos go Tír na nÉan
Ar eagla go bpósfadh aon stróire do grádh mo chléibh
Níl sagart insa dóiseas do phósfadh í lem' mhalairt féin,
Do chuirfinn é as a chóta as is dócha ná fillfeadh sé.
8.
Is a "landlady" na háran, tá'm bas anois am chroidhe le tart,
Fachtar gloinne lán, a's cáirtín le cur lem' ais,
Coinnibh cúnntas géar ar agclár, a's cuir síos cailc
A's annsan fí thuairim sláinte 'n chúil fáinneach, mo chailín deas.
9.
B'(mH)aith liom gloinne fíona go líonta 's puins go leór
B'aith liom do mhalaí-píopa bheith líonta le fuaim do cheóil
B'aith liom speal do'n oidhche 'bheith sínte le cailín óg,
A's níor mhaith liom cailín coímhtheach ná luíghfeadh le buachaill óg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Bríain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí