Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus cad a bhí goidithe ach an gabhar.
    Thángadar isteach agus d'inniseadar dí go raibh an gabhar imighthe. "Téidh agus faighíd í" ar sise "nó mara bhfuifhidh sibh ní bheidh bainne ná ím agaibh go brách.
    Chuaidh an bheirt á lorg ó feirm go feirm agus um thrátnóna 'seadh fuaireadar í.
    Bhí an fear do ghoid í ag áiteamh ortha gurbh í a ghabhar féin í ach do rugadar abhaile leo í dá n-aineóin. Nuair airigh an callíoch go raibh an gabhar tagaithe abhaile dubhairt sí leo dul a' crú na mbó airís. Chuadar agus má dhein ní raibh aon mhoill ar a' mbainne a'teacht. Dubhairt sí leo an cuigean a thriail airís.
    Do thrialladar agus ní rabhadar i bhfad á casadh nuair d'athruigh a' t-uachtar agus bhí an t-ím ann airís. Do labhair a'caillíoch leo annsan. "Mar a bheadh mise" ar sise "bheadh sibh gan ím gan bainne. Bhí droch-hádh riamh ar an bhfeirmeoir sin do ghoid bhúr ghabhar agus do thóg sé an t-ádh uaibhse 'nuair do ghoid sé rud uaibh an chéad la Bealtaine mar do bhaineann draoidheacht leis a' lá san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí