Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A mbéarfá cuige íad ?" "Ó béarfad agus fáilte" arsan rógaire. Thóg sé a'píosa bréide agus an bocaire císte agus do chur de amach agus anáirde a'leacha airís agus an fhaid is abhí sé a'dul anáirde do bhí an bhean bhocht mothaolach a'tabhairt taithnimh a súl do agus ao't-seó amháin aice, "Go n-éirigh Dia sa t-saoghal leat; go mbeiridh Dia saor i n-áirde thú; Innis do Sheán go bhfuilim go maith."
D'imthig sé as a radharc de bharr a'chnuic agus é a'rádh leis féin "Sin trí pacaí amadán chómh mór leis a'bpaca a d'fhága-sa abhaile i'm dhiaidh." Mar sin do dhein sé ar a'mbaile airís. D'ith sé a'císte sa bhóthar dhó agus thug sé an píosa bréide dá mhnaoi le'n a chur i d-taisce agus dubhairt sé léi "Fág annsan é sin go dtagaidh Geimhreadh 'n Rarraigh agus deanfaidh mé ball éadaig dom' féin."Do shleamhnaigh an aimsear agus do tháinig an Geimhreadh agus é fuar scuabach go maith agus dubhairt sé go ndéanfadh sé ball éadaig do féin de bhréid Sheáin.
Chuardaigh sé a'cupúrd agus do bhí an bhréid imighthe.
D'fhiafruigh sé d'á mhnaoi chá raibh sé agus dubhairt sí go dtug sí go "Geimhreadh 'n Earraigh" é agus is amhlaidh a bhí: bacach a ghaibh a'treó agus d'fhiafruigh sí de arbh é "Geimhreadh 'n Earraigh" é. 'Nuair a fuair sé sin an gamalógacht innte dubhairt sé gurb'é. "Ó" ar sise "tar isteach móimeat, tá píosa bréide annso dhuit"
Ní ghádh a rádh gur thóg sé é agus fáilte agus bhí an fear eile gan a bhall éadaigh.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí