Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Beirt Ghrámhaireach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Beirt chómharsa dob' eadh Seán is Páid. Bhíodar an-mhuinteardha agus go minic ag ól i dteannnta a chéile.
    Thráth go rabhadar ag ól i dtig a' tábhairne a'tSléibhe, bhí an oidhche an-dhorcha agus iad a'dul abhaile tímcheall a deich a'chlog.
    Bhí tig Sheáin sa t-slíghe dhóibh cois na tuinne agus do rug sé Paid leis is iad a'gabháil thairis chun go mbeadh cupán té acha i gcómhluadar a chéile. Chuaidh Páid leis, d'óladar a'té, agus d'fhanadar a'seanachaidheacht taimillín 'na dhiadh sin.
    Dubhairt Páid i ndeire go raibh am baile ann agus go raibh sé leath-dheireanach. Chuaidh Seán amach 'na theannta a'tabhairt slán beó dhó. "Ó'se go deimhin a Phaid" arsa Seán amuigh, "ní leagfad-sa abhaile thú id aonair an tacha sa oidhche."
    D'imigh a'bheirt siar i bhfochair a chéile go tig Pheaid a bhí tímcheall míle go-leith ó thigh Sheáin. Dheineadar beaghán moille annsan agus adubhairt Séán gur mhithid dó bheith a'dul abhaile go gcaithfeadh sé bheith ag iascaireacht go grod ar maidin. Chuaidh Paid amach 'na theannta agus má chuaidh ní leagfadh sé abhaile 'na n-aonair é agus do thainig a'bheirt go tig Sheáin arís. Bhí a trí nó a ceithre turais anonn is anall tabhartha ach, agus a mboilig lán de phórtar, sar ar oscail a'lá agus gheallaim dhuit go raibh an meisce imighthe go maith asta annasan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Finn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí