Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear bocht go raibh páircín le treabhadh aige. Ní raibh aon chapall aige agus do thriall sé na h-asail fé'n gcéacht agus chuadar 'na choinne. Bhí file darab ainm Seán Ó Lombáird a'feachaint ar a'spóirt agus dhein sé an t-amhrán seo ag magadh fútha:"Bhí páircín coinnleach ullamh agam lá Márta chun treabhadh
Agus soc is colltar gleasta 'gam go h-álainn ón ngabha.
Do ghlaodhas ar mo theachtaire, Diarmuid Siotara dob' ainm dó,
Chun dul i ndiaidh na n-asal do bhí ar pháirc eile a'damhas.
Dá mbeadh sé a'fuadhach na n-asal i n-aonair gan ao'chabhair,
Go deimhin ní bheadh siad gabhtha 'ge i gcóir laé deire a'domhain,
Mar do bhí a'crith le h-eagla agus mise féin a'gol mairgeach,
Agus tímcheall beal an eadartha bhí ár bpáircín a'threabhadh.
Bhí Paid Sheáin Diarmada 'na sheasamh ann agus dob'árd a bhí a cheann.
Dubhairt sé "Scaoil anuas mo h-asal-sa chun go dtéighead-sa ar a ceann,
Mar do bhí sí indé ar mhargadh agus do bhí sí a'rith 'ndiadh asal-a
Agus b'fhearr lem'athair marbh í ná aon fhód a threabhadh."
B'é Diarmuid Siotara an "ploughman" dob'fhearr a bhí sa domhan.
Do threabhfadh sé na leachain
dhuit go slachtmhar is go sleamhan,
Mar do bhí sé a'treabhadh i Sasana, is do bhí sé i bhfad i n-Albain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí