Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 132
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Buachaill aimsire a bhí ag alpadh a bhricfeasta i láthair a mháistir...

    Buachaill aimsire a bhí ag alpadh a bhricfeasta i láthair a mháistir, agus tháinig éad ar an máistir cuige toisig an ghoile a bheith chomh maith aige. Chuir an máistir cainnt air mar seo: "Nach greanamhar é an goile a bheith mar sin agat agus gan pioch de agam-sa." agus seo mar d'fhreagair an buachaill é:
    "Dá n-éireochthá ar maidin is an talamh a chuardach
    Luighe ar obair is do bholg a shuathadh
    Dul sa scioból agus asair a bhualadh
    Do bheadh do ghoile agat chómh maith led' bhuachaill."
    Fear a d'imthigh ar fán ó bhaile agus seo a'turasgbháil a thug cómharsa leis air:
    "Fear caol árd dubh
    Fad leicneach breicníghe
    Féasóg naoi lá air
    Agus glór a'bhárdail aige."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Fear a d'imigh ar fhiáin ó bhaile...

    Fear a d'imthigh ar fáin ó bhaile agus seo a' tuarasgbháil a thug cómhasa leis air:
    "Fear caol árd dubh
    Fad leicneach breicníghe
    Féasóg naoí lá air
    Agus glór a'bhárdail aige"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí