Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 129
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí Séamus Ó Colamáin, file agus táiliúr ó Bharraí Ruadha...

    Bhí Séamus Ó Colomáin, file ó Bharraí Ruadha i n-aice Ti'Molaga, uair trí ThiobraidÁra' agus ar maidin laé do tháinig sé féin agus beirt shagart ar a chéile. Bhí na sagairt a'dul ar "station" agus bhí an Colmánach ag gluaiseacht roimis. Do chuireadar cainnt ar a chéile. D'fhiafruigh an sagart mór de Shéamus cad as é agus dubhairt Séamus gur ó Chairbre é. Do labhair a'sagart óg d'urchar agus dubhairt gur bocht agus dealbh an áit sin.
    Do leag Séamus dóibh. Do bhí coin ar an sagart óg agus d'imígheadh sé isteach féin mbán ahus do bhuaileadh cich ar cor agus do leag Séamus dó, chun gur casadh bulán ortha agus é gabhta fé cheárr agus bainne sa cheárr aige. Do labhair an Colmánach annsan agus is é a dubhairt sé:
    "Rud ná facha-sa féin im dhuthaigh riamh
    An Eaglais ar maidin ar drúcht a'fiadhach
    Srathar ar tharbh ó chúl aniar
    A'tarrac bainne le meadar go Cáthair Abhainn na Mias"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Baile Loc, Co. Chorcaí