Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)

Suíomh:
Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Ruairc
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 494

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 494

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 494
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    D'réir mar a innstear dúinn nhí cainnt ag gach éan agus ainmhidhe sa t-sean aimsir agus is mó cómhrádh fada géar a bhíodh eatortha.

    D'réir mar a innstear dúinn bhí cainnt ag gach éan agus ainmhidhe sa t-sean aimsir agus is mó cómhrádh fada géar a bhíodh eatortha. Tháinig an droch-shaoghal ar an ndreoilín bocht ach go h'áirighthe agus nuair a tháinig an tam chun a chuid arbhair a chur ní raibh grainne síl aige. Bhuail sé amach imeasg na gcómharsan. Bhuail sé isteach go dtí Mairín an Trúis agus d'innis a scéal di "Bheidhinn go rí-bhuidheach díoth", ar seisean, "dá dtabharfá beagáinín síl dom agus díolfad an cómhear leat chómh luath agus a fhéadfhadh é". Géill Mairín do agus líon a mhála agus siúd chun bóthair leis agus é lán t-sásta leis féin.
    Tháinig an Fóghmhar agus bhain an dreoilín a chuid arbhair. Chuimhnig Máire ar a raibh amuich aici agus chuir sí teactaire siar go tig an dreóilín. Bhí an dreoilín agus a chlann faoi lán t-seol
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Ruairc
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Randal Ó Muirthille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ballyvahallig Cross Roads, Co. Chorcaí