Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Ruairc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus ná féachaidís de thaobh a súl ar na créatúirí fiabh aindheise mothaolacha a bhíonn ag obair dhóibh ar bhior a gc(?) ó Luan go Satharn. Á níl aon dabht ná gur maith na rúnaidhthe mná agus clann na ndochtúirí agus na poiticéirí Féach gur fada go sgeinnfeadh sé ó dhuine acu insint do chréatúir bocht ná beadh snámh na beatha air d'uireasa sláinte, gur droch thae bhí taréis é chur sa chás san mar mo chráidhteacht is maith atá fhios acu dá leigidís an rún san ar na daoine go mbeadh deire le na suairceas féin agus go bhfeicfí féar glas agus cúnlach ag fas ag a ndóirse sar a ngeobhadh duine isteach na dtighthibh ag lorg leigheas dá ngearán ná gearán éinne ba leis ag baile. Fan leat go fóill ámhthach go bhfeicfidh tú mise ag tabhairt gaoth dá dtrácht mar tae annso 'gam(?) atá go tamhail cúmhra. Táim a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Randal Ó Muirthille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Ballyvahallig Cross Roads, Co. Chorcaí