School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (roll number 11424)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Liam Ó Ruairc
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 428

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 428

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte
  2. XML Page 428
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    bail ó Dia annso: Conus tá'n tú a bhean a' tighe.

    (continued from previous page)
    agus ná féachaidís de thaobh a súl ar na créatúirí fiabh aindheise mothaolacha a bhíonn ag obair dhóibh ar bhior a gc(?) ó Luan go Satharn. Á níl aon dabht ná gur maith na rúnaidhthe mná agus clann na ndochtúirí agus na poiticéirí Féach gur fada go sgeinnfeadh sé ó dhuine acu insint do chréatúir bocht ná beadh snámh na beatha air d'uireasa sláinte, gur droch thae bhí taréis é chur sa chás san mar mo chráidhteacht is maith atá fhios acu dá leigidís an rún san ar na daoine go mbeadh deire le na suairceas féin agus go bhfeicfí féar glas agus cúnlach ag fas ag a ndóirse sar a ngeobhadh duine isteach na dtighthibh ag lorg leigheas dá ngearán ná gearán éinne ba leis ag baile. Fan leat go fóill ámhthach go bhfeicfidh tú mise ag tabhairt gaoth dá dtrácht mar tae annso 'gam(?) atá go tamhail cúmhra. Táim a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Ruairc
    Gender
    Male
    Address
    Knockskagh, Co. Cork
    Informant
    Randal Ó Muirthille
    Gender
    Male
    Age
    89
    Address
    Ballyvahallig Cross Roads, Co. Cork