School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 183
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oíche Shamhna
    Bhí a lán sean nósanna le baint le Oíche Samhna. “Oíche na marbh” a thugadh na sean daoine air, agus creideadh siad go mbíodh na mairbh in áirde ar na fraghthachaibh an oíche sin agus deiridís an Coróinn Páirteach ar son na marbh.
    Da dteastóchadh ó chailín ainm an bhuachalla bheadh mar fhear aicí d’fhagáil amach gheobhadh sí turnap agus bhainfeadh sí an croiceann de ach béigean dí do bhaint slán agus gan é briseadh in aon chor.
    Annsan raghadh sí go dtí doras an tighe agus seasóchadh sí ann agus caitfeadh sí an croiceann siar ós cionn a cinn. Nuair a thuitfeadh an croiceann bheadh sé briste na píosaí beaga agus do beadh crot litre nó dó de’n aibgitir ar na píosaí agus do mbheadh b’in é an comhartha gurb iad san na céad litreacha bheadh ar ainm agus sloinne an duine bheadh mar fear aici.
    Seo cleas eile. Fagtar trí báisíní, cuirtear cré i gceann acu, fáinne i gceann eile, agus uisce ins an gceann eile. Cuirtear púicín ar cailín agus téigheann sí go dtí na báisíní, má cuireann sí a lámh ar an mbáisín go bhfuil an fainne ann pósfar í, má chuireann sí a lámh san uisce raghaidh sí thar fairrige agus má chuireann sí a lámh sa cré geobhaidh sí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Tadhg Ó Muirthuille
    Gender
    Male
    Age
    86
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Pháidín, Co. Chorcaí