School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 169
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ndóthain acu ar feadh an chuid eile dá saoghal, mar do mheasadar go raibh sé tuillte acu, go maith macánta leis an méid cruadhtain d'fuilingéadar ar an t-slighe anall, ag fiothálamh ar lucht na h-aicíde. Indhiaidh a chéile do chas an t-sláinte ar an ndream eile airís, agus fuaireadar lom ar an ngaoith anuaidh agus bhaineadar an t-anncaire agus d'árduighedear na seolta agus scaoileadh an long ó dheas ar a dtír féin. Do shroiseadar Cúan Seabastaéna 'na dtír féin i gcionn seachtmhaine agus deirtear go bhfuil cuan Seabastaéna dá céád deag de mhílibh slighe ó Chuan Dor. Tréis tamaill éigin dóibh 'na dtír féin fuair an triúr bhí sláintúil riamh bás, indhiaidh a chéile sula bhfuaireadar lom ar filleadh thar n-ais go h-Éirinn chun an t-ór a bhreith leo, ach do leag duine éígin acu an rún lena cháirde sul a bhfuair sé bás. Bhí adhbar sagart óg ó Chairbhre thall sa Spáinn san am san, agus chuala sé an scéal sa teanga Spainnis agus seo an tuairisg a fuair sé air:-
    "Go raibh seól luinge lán
    d'ór buidhe 's d'airgead bán
    Curtha san talamh, le máirnéalaig ón Spáinn
    Idir dhá chaisleán agus dhá sruthán" i gCuan Dor.
    Nuair a tháinig an sagart abhaile chun a mhuinntir d'innis sé an scéul dóibh, mar a chuala sé féin é, sul fhág sé an an Spáinn. Do chuaidh an ráfla ó bhéal go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Sean Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí