Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Riobárd Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Leathanach 428
  3. XML “Bearna Fola”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon uair amháin do ghoid na Donnabhánig ó Chaisleán Uí Dhonnabháin (an ceanntar sin) roinnt beithidheach ó na Súilleabháinigh i mBéara. Ní rabhadar i bhfad imthighthe nuair a tháinig na Súilleabháinigh ortha agus thógadar na beithidhigh ar ais. Do geall an taoiseach a bhí ar na Donnabháinigh ná déanfadh sé a leithéid choidhche go bráth. Dubhairt na Súilleabhainigh go mbainfidís a lámh dheas de dá ndéanadh.
    Tamall 'na dhiaidh sin dhein na Donnabháinigh iarracht eile ar na beithidhigh do ghoid. Lá amháin agus na Súilleabháinigh ag ithe a ndinnéir tháinig sluagh des na Donnabháinigh i ngan fhios ar na beithidhigh agus thiomáineadar leo iad. Chuaidh Bean Uí Shúilleabháin amach agus chonnaic sí go raibh na ba imthighthe. Rith sí isteach agus d'innis sí an scéal do na fearaibh. "Tá na ba imthighthe" arsa sí. Bhí Domhnall Ó Súilleabháin 'na gharsún óg an t-am seo, é 'na shuidhe cois na teine agus é cosnochtuithe. Rith sé amach le hagaidh congnaimh. Fuair na Súilleabháinigh rian crúb na mbó ar an dtalamh agus leanadar ar an dtóir go dtángadar go Caol Chill.
    Bhí rian na mbeithidheach ag dul ó dheas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Tadhg O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Creach, Co. Chorcaí