Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí Éireannach ag teacht abhaile ón Aifric. Sa tslighe dhó do casadh sluagh mór fear air agus dubhradar leis gur theastuigh ó Rí na Tíre é d'fheicsint agus go ndubhairt an Rí leó an fear, a chapall agus gach rud a bhí ag an bhfear a thabhairt leó. Dubhairt an fear leis féin go gcaithfeadh sé rud a dhéanamh ar an Rí.Chuaidh sé in-éinfeacht leis an fearaibh agus nuair a bhí timcheall leath-mhíle curtha aca do stadadar agus dubhradar len'a chéile i dteangain nár thuig an fear "Déanfaidh an áit seo an gnó"! Gan focal eile do rádh do bhaineadar a hata dhe agus do chaitheadar ar an dtalamh é. Do ghearradar na cnaipí a bhí ar chóta an fhir agus chuireadar 'na bpócaí iad. Ansan do thógadar gach rud a bhí 'na phócaí ón bhfear agus chuireadar 'na bpócaí féin iad.Tháinig scannradh mór ar an bhfear ansan agus d'iarr sé ortha é do leigint saor acht níor thugadar aon fhreagra air. Tar éis tamaill dubhradar leis a chóta a bhaint de. Dhiúltuigh an fear dhóibh. Dubhairt na fir ansin go gcrochfaidís é. Nuair a chualaidh an fear é sin dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé mar a dubhradh leis. Ansan do bhain sé dhe a chuid éadaigh go léir agus do luigh sé síos ar an dtalamh. Thosnuigh sé ag creathadh leis an bhfuacht.Do dhein na fir géar-scrúdú ar a chuid éadaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Mathghamhna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Drom Cloch, Co. Chorcaí