Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá na h-áit ainmneacha a leanas le fághail I gCeanntor na Méalaighe ar an dtaobh thori de Bheanntraighe.
(a) An Fheirm Dhonneadha Uí Mhathghamhna, Dromclumhach:
Cnocán Ruadh: Tugtar an t-ainm sin ar an áit mar tá cré ruadh sa chnocán.
Páirc na nGabhar: fáth na h-ainme: mar do bhíodh mórán gabhar as inbhear sa páirce sin fadó.
Páirc an leasa: mar atá lios sa pháirc sin.
Páirc na gcloch: mar atá mórán clocha móra ann.
Páirc Bhán: mar tá féar bán ag fás ann.
Páirc Árd: Páirc cuibheasach árd atá ann. Cnocán seadh í.
An leaca: Árdán páirce atá ann.
An Móinteán: Páirc a bhfuil bun móna ann. Do baintí móin ann fadó freisin.
Páirc na earraige: Páirc a bhfuil earraig mhór ann.
Páirc an Tobair: Páirc a bhfuil tobar fíor-uisce ann.
Páirc Dubh: Páirc a bhfuil cré dubh ann.
Páirc Fhada: Páirc chaol fhada atá ann.
An Mallach: Páirc árd atá ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)