School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar chnocán do bhí Gaedhil chuir i gcéill dóibh go prasGo raibh deire a n-aistir ansúd.
(III)Mar toirneach ró-thréan do bhí pléascadh gan mhoill,Agus urchair 'á scaoile gan stad,Cruadh-choimhscar go h-éag ann gan géille dá luigheadh,Och ba dhian as ba fíochmhar mar chath;Gaedhil abú! Gaedhil abú! is súgach linn mar tásc,Chuaidh an lá ar an ál úd thar tuínn,Bhí gach cladhaire den criú dubh i lúbaibh an bháis,D'éis an chath' ar chliathán Chíll Mhichíl.
(IV)Triúr Gaedheal ann do thuit 's ba scupal a mbás,Triúr óg-ghas thuill cáil i measc laoch;Tugtar gean dóibh is cion, agus uraim go bráth,Guidmís suan dóibh i nÁrus na Naomh;Ach luadhtar an ghníomh úd measg árd-ghníomh na nGaedhealChuaidh i mbéalaibh an éaga dá dtír,Agus luadhtar an buidhean úd mar rigscoth na laochIs gura fada fé réim Cíll Michíl.- Collector
- Cáit Ní Bhredileuch
- Gender
- Female
- Address
- An Chúil Dorcha, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán Ó Murcadha
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Dorcha, Co. Chorcaí