School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Page 007
- XML “Scéal Crábhaidh - Naomh Peadar agus Ár dTiarna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Cuimhnigh ar phianta Íosa,
A's brón is buadhairt ní bheidh ort choidhche." Fadó, bhí náisiúin an domhain ar fad gheall leis, fé chomhacht na Rómhanach. Nuair a bhíodh na Rómánaigh ag leathanú a gcomhachta dheinídís bóithre móra leathana ó'n Róimh go dtí sna h-áiteanna nuadha a bhíodh fé n-a smacht acu.
An Bóthar Appia a b'ainm do'n cheann a bhí ag dul ó dheas ó'n gCathair go dtí Brindísi. B'é cúis gur tugadh an ainm sin air, ná gur le linn aimsir Appius Claudius do deineadh é.
Is mó bliadhain tar-éis bháis Appius, nuair a bhí a mhalairt do riaghaltas sa Róimh do tugadh 'na phriosúnach fan an bhóthair sin, Naomh Pól, chun é do thriail os comhair breithimh sa Chathair.
Fan an bhóthair chéadna a bhí Naomh Peadar ar teicheadh ó'n ngéirleanamhaint uathbhásach a h-imreadh ar na Críostaithe in aimsir Neró. Deirtear ná raibh sé i bhfad ó'n gCathair nuair a casadh ár dTighearna (moladh go Deo leis) air. Bhí cros mhór 'á h-iompair ag an dTighearna. Tháinig iongnadh ar Pheadar nuair a chonnaic sé é.
"Ó, cá raghair, a Thighearna?" arsa Peadar leis.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheallacháin
- Gender
- Female
- Address
- Coolkisha, Co. Cork
- Informant
- Seán O' Tuama
- Gender
- Male
- Address
- Coolkisha, Co. Cork