Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Na Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    LACKREIGH agus GURÁN RIABHÁCH
    Ar an dtaobh shoir den paróiste ar fad tá "Leaca Riabhach" agus "Gurán Riabhach". Talamh ar sceabha nó ag árdú go cothrom in dhiaidh a chéile is eadh "Leaca" agus "Gurán" is eadh áit 'na bhfuil mórán tor nó mórán crann beag ag fás. Is é an brígh atá le "riabac" nó "liath" nó"breac" no "brindled" i mbéurla.

    RÉANACAHARAGH - "Réidhe na Cathrach"
    Tá an baile fearann soir ó dheas ó Thír Éilthín. Píosa tailimh mín réidh is eadh "reidhe" agus is é an brígh atá le "cathair" ná "caiseal"; 'sé sin dún curtha suas le clocaibh gan aon martaol. Ní dóigh liom go bhfuil rian na catharach le feiscint anois.

    BARRNADIVANE
    Cómhgarach de "Réidhe na Cathrach" tá "Barrnadivane". Sé an brígh atá leis an ainm seo ná "Bárr na nDeagh Bhán". Mínigheann na focail an cúis gur tugadh an ainm seo ar an áit.

    CÚL DORCA
    (Coolderrihy i mbéurla) Cúinne talmhan is eadh "cúl" agus ós rud é gur deacair taithneamh na gréine ar an ait tugadh Cúl Dorcha ar an áit.

    DROM LIATH
    (Dromleigh i mbéurla anois) Iomaire talmhan is eadh "Drom" agus ós rud é is dócha go bhfuil furmhór de'n talamh liath gan maith tugadh "Drom Liath" ar an áit.

    CUL a' CLIABHÁIN (nó CÚL UÍ CLUBHÁIN)
    Coolaclevane (i mbeurla) sé sin Cúinne an Cliabháin no "corner of the cradle". Deireann roinnt daoine go bhfuil baint ag an ainm seo le Clubán; sé sin an Gaedhilg atá ar "Clifford" agus de bhrígh sin gurab é an ainm ceart na "Cúl Uí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tuaim, Co. Chorcaí