School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)
- Location:
- Tooms, Co. Cork
- Teacher: Seán de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Toames, Maghcromtha
- XML Page 285
- XML “Na Bailte Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)LACKREIGH agus GURÁN RIABHÁCHAr an dtaobh shoir den paróiste ar fad tá "Leaca Riabhach" agus "Gurán Riabhach". Talamh ar sceabha nó ag árdú go cothrom in dhiaidh a chéile is eadh "Leaca" agus "Gurán" is eadh áit 'na bhfuil mórán tor nó mórán crann beag ag fás. Is é an brígh atá le "riabac" nó "liath" nó"breac" no "brindled" i mbéurla.
RÉANACAHARAGH - "Réidhe na Cathrach"Tá an baile fearann soir ó dheas ó Thír Éilthín. Píosa tailimh mín réidh is eadh "reidhe" agus is é an brígh atá le "cathair" ná "caiseal"; 'sé sin dún curtha suas le clocaibh gan aon martaol. Ní dóigh liom go bhfuil rian na catharach le feiscint anois.
BARRNADIVANECómhgarach de "Réidhe na Cathrach" tá "Barrnadivane". Sé an brígh atá leis an ainm seo ná "Bárr na nDeagh Bhán". Mínigheann na focail an cúis gur tugadh an ainm seo ar an áit.
CÚL DORCA(Coolderrihy i mbéurla) Cúinne talmhan is eadh "cúl" agus ós rud é gur deacair taithneamh na gréine ar an ait tugadh Cúl Dorcha ar an áit.
DROM LIATH(Dromleigh i mbéurla anois) Iomaire talmhan is eadh "Drom" agus ós rud é is dócha go bhfuil furmhór de'n talamh liath gan maith tugadh "Drom Liath" ar an áit.
CUL a' CLIABHÁIN (nó CÚL UÍ CLUBHÁIN)Coolaclevane (i mbeurla) sé sin Cúinne an Cliabháin no "corner of the cradle". Deireann roinnt daoine go bhfuil baint ag an ainm seo le Clubán; sé sin an Gaedhilg atá ar "Clifford" agus de bhrígh sin gurab é an ainm ceart na "Cúl Uí(continues on next page)